Sunday, January 1, 2012

Tithe ar an teilifís




Toisc gurbh é seo Seachtain na Gaeilge táim chun post a scríobh i nGaeilge. Tá sé ar siúl ón 2ú Márta go dtí an 17ú, agus tá an-chuid imeachtaí ar siúl ar fud na tíre - tá liosta iomlán ar fáil ar an suíomh Gréasáin

Breathnaím ar TG4 go minic, is maith liom an meascán cláir a chraolann siad agus is athrú é ón gnáth-muck a fhaigheann tú ar na stáisiúin eile. An chlár is fearr liom faoi láthair ná Eochair an Ghrá, a théann amach gach Luain ag a leathuair tar éis a naoi. Is é a tharlaíonn ná go dtéann fear nó bean singil chuig trí tithe chun cinneadh a dhéanamh cé as an triúr sin lena rachaidh siad ar dháta - ach ní bhualann siad le húinéirí na tithe, caithfidh siad an rogha seo a dhéanamh ar bhonn ceard a cheapann siad faoi na tithe. Is í Eibhlín Ní Chonaghaile an láithreoir, agus téann an síceolaí Kevin Ó hEaghra timpeall léi ag míniú ceard gur féidir a rá faoi pearsantachtaí na ndaoine seo bunaithe ar a gcuid maisiúchán istigh agus an stuff atá acu. Hmmm, ceard a smaoinfeadh sé fúm dá shiúilfeadh sé isteach i mo theach?!

No comments:

Post a Comment